Fáilte chuig an tSibhialtacht Cheilteach in Ollscoil na Gaillimhe

Scrúdaíonn an tSibhialtacht Cheilteach oidhreacht na gCeilteach ar domhan, ón tréimhse is luaithe go dtí an ré nua-aimseartha.


Mar chuid den chlár seo, déantar iniúchadh ar fhorbairt na ndaoine agus na náisiún seo a leanas: Éire, an Bhreatain Thuaidh agus Thiar, chomh maith leis an bhFrainc i dtús na Meánaoiseanna, mar aon le spléachadh ar ghnéithe de na Ceiltigh in iarthar na hEorpa ón nua-aois luath ar aghaidh.

I mbeagán focal, scrúdaíonn an tSibhialtacht Cheilteach an stair, seandálaíocht, teangacha, litríochtaí, miotaseolaíochtaí agus cultúir na ndreamanna seo le linn na n-aoiseanna.

Cén fáth a ndéanfá staidéar ar an tSibhialtacht Cheilteach?


Tugann an t-ábhar seo léargas cuimsitheach ar a bhfuil i gceist leis na coincheapa agus na míthuiscintí coitianta a bhaineann leis an Ceiltigh suas go dtí an lá atá inniu ann. ‌Agus an t-ábhar seo faoi staidéar agat, spreagfar thú chun díriú ar litríocht agus ar chultúr na gCeilteach ar bhealach nua, agus chun meas a bheith agat ar oidhreacht na gCeilteach, mar a léirítear i litríochtaí, teangacha, tuairimí, nósanna agus seandálaíocht na hEorpa.

Fobróidh an staidéar a dhéanfaidh tú ar an tSibhialtacht Cheilteach do chuid scileanna taighde, anailíse agus cumarsáide, agus cuirfidh sé le do chumas ábhar a chur i láthair go soiléir agus go héifeachtach. Cuirtear an tSibhialtacht Cheilteach ar fáil ag leibhéal fochéime mar chuid den chéim ainmnithe agus neamhainmnithe sna Dána. Féach ar Leathanach na gCúrsaí in Ollscoil na Gaillimhe chun a fháil amach cén chaoi le hiarratas a dhéanamh agus breathnú ar riachtanais iontrála an chláir.

Tá cur síos ar na modúil, amchláir na léachtaí, etc. don bhliain acadúil reatha ar fáil ag na naisc seo a leanas.

Moltar do mhic léinn ar cuairt (Erasmus+/Staidéar Thar Lear/Idirnáisiúnta) ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa chlár agus iad i nGaillimh, cuairt a thabhairt ar an leathanach seo chun tuilleadh eolais a fháil.


Cúpla focal ó na mic léinn

Honor Faughnan, BA (Drámaíocht, na Clasaicí & an tSibhialtacht Cheilteach)

"Rinne mé iarratas ar na Dána in Ollscoil na Gaillimhe i mí Eanáir roimh mo scrúduithe Ardteistiméireachta, ach níor chinn mé tabhairt faoin tSibhialtacht Cheilteach go dtí na Seisiúin Eolais an Meán Fómhair dár gcionn tar éis dom freastal ar léacht le blaiseadh a fháil de luathstair na gCeilteach leis an Dr Graham Isaac. Is é an difear idir an tSibhialtacht Cheilteach agus ábhair eile ná go dtugann sé na huirlisí do mhic léinn chun raon leathan ama agus spáis a scrúdú, ó sheandálaíocht na Cré-Umhaoise go dtí an tsochtheangeolaíocht Cheilteach nua-aimseartha agus polasaí teanga, agus tá sé idirdhisciplíneach, ag nochtadh peirspictíochtaí ón stair, ón teangeolaíocht, ag tabhairt blaiseadh do mhic léinn don tseandálaíocht, don bhéaloideas agus don mhiotaseolaíocht.

Is aistí ar fad beagnach a bhíonn i gceist leis na measnúnuithe, rud a ligeann do mhic léinn díriú ar a gcuid spéiseanna taighde féin, agus bíonn go leor teagasc i ngrúpaí beaga agus plé ranga i gceist. I mo chás féin, b’iontach an deis dom tabhairt faoin tSean-Ghaeilge do thosaitheoirí agus cúrsa ar an teangeolaíocht stairiúil, ach is féidir le mic léinn freisin modúil a dhéanamh ar litríocht agus ar shochaí na meánaoise, ar bhunús Breatnaise na litríochta Artúraí, agus ar choincheap na féiniúlachta Ceiltí sa saol nua-aimseartha, i measc modúl eile.

Is lárionad barr feabhais don Léann Ceilteach í Gaillimh le fada an lá, ach dá gcuirfí an cheist orm cén chaoi a dtugann an tSibhialtacht Cheilteach na scileanna do mhic léinn le go n-éireoidh leo go gairmiúil, déarfainn go gcuireann sí ar do chumas gach cineál fianaise a cheistiú, is cuma cé chomh caolchúiseach atá sí, agus mar thoradh air sin beidh tú in ann scileanna anailíse den scoth a fhorbairt agus dá bhrí sin beidh tú in ann taighde a dhéanamh agus smaointe atá deacair ó thaobh coincheapa de a chur in iúl i dtimpeallacht oibre atá ag athrú go tapa."

 

student photo

Arthur O'Brien, BA (An tSibhialtacht Cheilteach & an Stair)

"Bhain mé mo bhunchéim amach in 2021. Ba iad na hábhair a roghnaigh mé ná an Stair agus an tSibhialtacht Cheilteach, ach ba í an tSibhialtacht Cheilteach ab fhearr liom! Is disciplín iontach í an tSibhialtacht Cheilteach le roghnú má tá suim agat i léann na Staire, na Seandálaíochta, na hAntraipeolaíochta, na Litríochta, an Bhéaloidis, na Teanga i measc réimsí eile. Ó tharla an raon leathan ábhar léachtaí atá ar fáil tá rud éigin ann do chách. Tá réimsí saineolais éagsúla ag an bhfoireann teagaisc ar fad agus bíonn siad thar a bheith cabhrach má bhíonn aon cheisteanna agat go mór mór agus an disciplín níos lú.

Thug staidéar ar an tSibhialtacht Cheilteach deis dom scileanna a bhaineann le go leor disciplíní a fhorbairt. Bhí mé in ann staidéar a dhéanamh ar an Laidin trí an Clasaicí chomh maith le go leor modúl Seandálaíochta a dhéanamh. Dhírigh mo chuid staidéir ar shaol Meánaoise agus Ársa na gCeilteach, cé gur dhírigh roinnt modúl ar thréimhsí chomh nua leis an 19ú haois. Thug an disciplín seo deis dom an focal Ceilteach agus a bhrí a thuiscint agus cuid mhór de stair agus de chultúr na gCeilteach a thuiscint. Leis an gcéim seo, tá sé i gceist agam breis-staidéar a dhéanamh agus díriú ar stair na Meánaoise agus ar na Ceiltigh."

 

Image of person standing beside a rock.

Jacopo Allio, BA (Seandálaíocht & an tSibhialtacht Cheilteach)

“Is as Ticino ó dhúchas mé, an t-aon réigiún san Eilvéis ina labhraítear Iodáilis den chuid is mó. Tá ardmheas agam ar an ngaol casta idir teanga, nósanna áitiúla agus creidimh – ach is é an rud is mó a chuirim spéis ann ná an chaoi a múnlaíonn na tréithe seo féiniúlacht na sochaí agus an bealach a bhforbraíonn sochaí. Bhí an staidéar ar an tSibhialtacht Cheilteach san ollscoil seo thar a bheith spreagúil sa chiall seo. 

Tugann modúil na Sibhialtachta Ceiltí deis don mhac léinn saineolas a fhorbairt ar na ‘Ceiltigh’ trí iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den chultúr agus den tsochaí i saol ina labhraíonn daoine teangacha Ceilteacha. Mar shampla, tugadh léargas iontach dúinn ar an gcaoi a mbíonn nasc idir teangacha agus a bhfoinsí agus thug sé sin léargas maith dúinn ar an gcaoi ar ghluais na sochaithe Ceilteacha agus cé leis a raibh siad ag idirghníomhú. Bhíomar ag plé freisin le traidisiúin mhóra liteartha na meánaoise in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag, ag plé, i measc gnéithe eile, cén fáth a raibh an fhilíocht chomh tábhachtach sin go bhféadfadh aon dán amháin deireadh a chur le réimeas rí.

Tá raon leathan modúl ar fáil sa tSibhialtacht Cheilteach agus, dá bhrí sin, tá sé éagsúil go leor chun freastal ar éagsúlacht mhór spéise. Ach níos tábhachtaí fós, thug an éagsúlacht seo deis dom úsáid a bhaint as raon leathan fianaise chun mo scileanna anailíse a fhorbairt agus a fheabhsú. Is féidir liom anois tabhairt faoi anailís theangeolaíoch, liteartha, logainmneacha, stairiúil agus seandálaíochta agus is féidir liom na teicníochtaí atá i gceist a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile chun conclúidí níos cruinne a fhorbairt faoi shochaithe roimhe seo agus faoi shochaithe reatha. Tá na scileanna seo ábhartha i mo Mháistreacht reatha i Staidéar Oidhreachta Cultúir in University College London (UCL). Táim muiníneach go mbeidh siad luachmhar freisin d’fhostóirí amach anseo nuair a thabharfaidh mé faoi ghairm san Oidhreacht, a bhaineann go príomha le meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar oidhreachtaí an ama atá thart.” 

 

image of student

Rebecca Grant, BA (Seandálaíocht & an tSibhialtacht Cheilteach)

"Bhain mé an-taitneamh as mo chuid ama ag staidéar na Sibhialtachta Ceiltí i nGaillimh. Tá raon éagsúil modúl ar fáil, lena n-áirítear iad siúd ar mhiotaseolaíocht Cheilteach, na teangacha Ceilteacha, agus bunús na “gCeilteach”. Oibríonn an roinn go dlúth freisin leis na ranna Seandálaíochta, Clasaicí agus Staire, agus is minic a dhéanann mic léinn modúil a chuireann na ranna seo ar fáil ionas go mbeidh siad in ann staidéar a dhéanamh ar thopaicí ó na réimsí is mó a mbaineann siad taitneamh astu.

D’fheil na modúil sa tSibhialtacht Cheilteach go maith do m’ábhar eile, an tSeandálaíocht, mar go bhfeicfinn roinnt de na topaicí agus na smaointe céanna atá fite fuaite sa dá ábhar. Le linn mo chéime, bhí mé in ann mo chuid Breatnaise a fhorbairt, feabhas a chur ar mo chuid smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna anailíse, agus bhí deis agam miotaseolaíocht Cheilteach na hÉireann agus na Breataine Bige a fhiosrú.

Cé go bhfuil sé ar intinn agam staidéar a dhéanamh ar Oistéaseandálaíocht Dhaonna ag leibhéal iarchéime, bhain mé an-taitneamh as an tSibhialtacht Cheilteach, go háirithe litríocht Artúrach agus filíocht na Breatnaise. De bharr na céime, tá an-tuiscint agam ar na pobail Cheilteacha, ar chultúr agus ar shochaí an domhain a labhraíonn teangacha Ceilteacha, an gaol idir na teangacha Ceilteacha, agus traidisiúin liteartha na meánaoise in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. 

Bhí mo thaithí leis an gcúrsa seo thar a bheith dearfach. Tá na léachtóirí agus an fhoireann ar fad an-chairdiúil agus tacúil. Molaim go hard é d’aon duine ar spéis leo foghlaim faoin saol Ceilteach, nó é a úsáid mar bhealach chun miotaseolaíocht agus litríocht na Gaeilge agus na Breatnaise a thuiscint.” 

 

student image

Eoghan Ó Flaithbheartaigh, BA (Comhonóracha)

"Tugann an tSibhialtacht Cheilteach deis do mhic léinn iniúchadh a dhéanamh ar bhunús na ndaoine ar a dtugtar na Ceiltigh. Ina theannta sin, féadfaidh tú na scríbhinní clasaiceacha a dhéanann cur síos ar theagmhálacha agus ar dhearcthaí a léiríonn ár dtuiscint ar na ‘Ceiltigh’ sa saol ársa a léamh duit féin. In imeacht na gcéadta bliain, beidh tú in ann iniúchadh a dhéanamh ar shibhialtacht na gCeilteach agus iad ag dul i ngleic leis an gCríostaíocht, na Lochlannaigh agus na Normannaigh i measc bhuaireamh agus chrá na gcumhachtaí polaitiúla ionsaitheacha agus athraitheacha. De bharr na lámhscríbhinní atá fós againn agus atá scríofa i dteangacha dúchasacha na gCeilteach, le hinscríbhinní suaithinseacha ón mór-roinn, tá tuilleadh eolais againn ar éagsúlacht teanga na ndaoine seo.

Tugann an dara bliain den chlár deis don scoláire breathnú níos grinne ar na gnéithe seo go léir lena n-áirítear Gaeilge na meánaoise agus litríocht na Breatnaise agus déithe agus bandéithe na seanaoise. Má bhíonn an deis ag mac léinn is iarracht an-sásúil í an Bhreatnais a fhoghlaim ón tús. Breathnaítear sa bhliain deiridh ar shaol na mban in Éirinn na meánaoise, ar shaol agus ar shaothar an fhile chúirte, agus tabharfaidh sé blas don mhac léinn ar an teangeolaíocht chomparáideach. Má tá suim agat sa tréimhse mheánaoiseach agus in oidhreacht shaibhir na gCeilteach, bainfidh tú an-sásamh as na modúil atá ar fáil sa tSibhialtacht Cheilteach. Oibríonn an tSibhialtacht Cheilteach go dlúth leis na Scoileanna Seandálaíochta, Staire agus Clasaicí chun go leor modúl suimiúil a thairiscint.

Mheas mé gur spreag na modúil ar fad a ndearna mé staidéar orthu sa tSibhialtacht Cheilteach mo spéiseanna acadúla go mór agus thug siad deis dom díriú ar réimsí agus ar ghnéithe den am atá thart a raibh suim agam iontu. Ní bheadh drogall orm é a mholadh d’aon duine.”

 

image of student working as archaeologist

Kelsey Holmes, BA (Comhonóracha)

"Tugann staidéar ar an tSibhialtacht Cheilteach an tsaoirse duit teangacha, miotaseolaíochtaí, agus stair na gCeilteach a fhiosrú, ó bheith ag troid le laochra na Breataine Bige sa Gododdin, ag taisteal trí Éirinn sna meánaoiseanna leis na Fianna agus Naomh Pádraig, agus ag streachailt in éineacht le mná meánaoiseacha na hÉireann.

Díríonn modúil eile ar ghnéithe stairiúla den saol Ceilteach, ag ceistiú bhunús na gCeilteach, agus an dearcadh atá orthu sa lá atá inniu ann. Is féidir bunús na dteangacha Ceilteacha agus na seanteangacha eile, a labhraítear go fóill inniu, a fhiosrú freisin.

Rud atá ar an gcúrsa seo nach bhfuil ar aon chúrsa eile is ea an deis díriú ar ról agus ar chóireáil na mban in Éirinn sna meánaoiseanna, ábhar ceannródaíoch agus ábhartha do shochaí an lae inniu.

Go pearsanta, agus mé ag díriú ar sheandálaíocht mheánaoiseach, thug an deis staidéar a dhéanamh ar litríocht mheánaoiseach na hÉireann léargas níos fearr agus níos beoga do mo chuid staidéir ar an tSeandálaíocht. Sheas mo thaithí ag staidéar na Sibhialtachta Ceiltí liom agus mé i mbun staidéir iarchéime. Molaim go hard í."